Roinneadh an talamh i dToraí idir 8 de chlann Uí Cholla, cur síos ar an obair a rinne siad ar an talamh idir rómhaireacht, leas agus ag cur phreátaí (pinks, banners agus préataí gorma). Ag déanamh obair feamnaigh i ndiaidh an mheáin oíche Aoine an Chéasta. Bhí beithígh ag obair acu fosta. Bhíodh obair siosarach le déanamh. An dóigh a rinne siad an obair. Bhí meascán de ghaineamh agus créafóg sa talamh ar an taobh thoir den oileán, iontach maith le glasraí a fhás. Bhíodh siad ag baint ceilpe fosta agus ag iascaireacht scadáin agus na ngliomach. | 00:05:41 | |